Wednesday, 25 February 2015

Funding Announced for Ionad an Chrois Bhealaigh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €26,400 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór,  chun cur ar a gcumas oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ag Ionad Pobail an Chroisbhealaigh.

Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór  na hoibreacha seo a dhéanamh. “Tuigim go mbíonn a lán gníomhaíochtaí ar siúl san ionad seo agus ar ndóigh bíonn an Coláiste Gaeilge ‘Coláiste Árainn Mhóir’ ann i rith an tsamhraidh, rud a chuireann go mór le geilleagar an oileáin,” a dúirt an tAire Stáit. “Cuideoidh an cúnamh seo go mór leis an Ghaeilge ar an oileán”

---------------------------------------------------

Gaeltacht Affairs Minister Joe McHugh hFunas sanctioned a grant of €26,400 for Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór, to enable them to carry out improvements to Ionad Pobail an Chroisbhealaigh. Announcing the grant, the Minister of State said that he was pleased to be in a position to assist Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór in carrying out these works.

“I understand that a lot of activities are held in this centre and of course it is used by ‘Coláiste Árainn Mhóir’, the Irish college, during the summer, which greatly adds to the island’s economy,” said the Minister of State. “This assistance will greatly benefit the Irish language on the island” he added.

Story: Donegal Daily
Images: CFFAM

No comments:

Post a Comment